Nuacht Litir 27/2/2022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(27/2/2022)

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne


An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9:30
Deardaoin 9:30
Dé Aoine 9:30 (Céad Aoine)
Dé Sathairn @6:30
Cuil Aodha
An Domhnach  @10:0o
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)

Adhradh an Naomh Shacraimint

An seachtain seo is Dé Ceadaoin a bheidh Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Adoration of the Blessed Sacrament this week will be on Wednesday after Mass in Baile Mhuirne until 5:00pm


Guímís ar son ár mairbh

Dóibh sin a fuair bás le déanaí

Treasa Ní Ríordáin Uí Bhriain, Cill Ia (Killeagh) agus Doirín Áluinn
Paddy Ó Tuama Sean Chluan, Baile Mhic Íre

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Donncha agus Nellie Uí Bhuachalla. Cúil Iarthair.
Jimmy agus Kitty O’Mahony. Cill Chróchain.
Ciara Bn Uí Dhuinnín Corcaigh agus Cluan Droichead/Cúil Aodha
Dónal agus Mary Uí Scannail. Cúil Aodha agus Baile Mhuirne
John agus Mary Weir, Baile Mhic Íre
Kathleen O’Keeffe
Seán Murray, Cnoc Buí agus Bóthar Abán
Fionnbarra O Ceallaigh Na Foithri
Aindrias O Scanaill Cúil Aodha
Gobnait (Ní Scanaill) Dempsey, Cúil Aodha & Clonbullogue
Jerry Dineen Lios Buí Beag, Cill na Martra
Máire Kelly Cronin, Doire an Chuilinn agus Watergrasshill
Seán Ó Riordáin, Baile Mhuirne agus Inis Cara
Tomás Ó Scanláin, Baile an Lochaigh


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Ezícéal, Fáidh Sírach         27:4-7
Ná mol duine go mbeidh deireadh ráite aige.

Nuair a chroitear an criathar fágtar an dramhaíl ann.
mar an gcéanna feictear lochtanna an duine trí bhíthin a chuid cainte.
Tástálann an sorn soithí an photaire;
agus triailtear an duine trí bhíthin a chomhrá.
Taispeánann toradh an chrainn an aire a tugadh dó;
mar an gcéanna taispeánann briathra an duine claonta a chroí.
Ná mol duine go mbeidh deireadh ráite aige;
óir is mar sin a dhéantar é a thástáil.

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 91
Freagra                             Is maith an rud é thú a cheiliúradh, a Thiarna.

1. Is maith an rud é an Tiarna a cheiliúradh
agus canadh do d’ainm ós tú an Té is Airde
chun do bhuanghrá a fhógairt ar maidin
is do dhílse ó oíche go chéile.                             Freagra

2. Bláthóidh an fíréan amhail crann pailme,
fásfaidh sé amhail céadras na Liobáine.          Freagra

3. An dream a plandaíodh i dteach an Tiarna,
beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
Bhéarfaidh siad toradh fiú agus iad sean,
beidh siad glas agus lán de shú,
chun a fhoilsiú a dhírí atá an Tiarna.
Mo charraig é, nach bhfuil aon urchóid ann.  Freagra

DARA LÉACHT        

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh        15:54-58
Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost.

Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina
chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa:
“Tá an bás slogtha siar ag an mbua.
Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua?
A bháis, cá bhfuil do chealg?”

Is é an peaca cealg an bháis agus is é an dlí neart an pheaca.
Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost.
Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an
Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.

Briathar an Tiarna                 Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                   Gniom 16:14
Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroíthe, A Thiarna
go dtabharfadh siad cluas dá raibh á rá ag do Mhac.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.           Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh  Lúcás    6:39-45
Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

San am sin dúirt Íosa parabal leis na dheisceabail:

“An féidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach
dtitfidh siad araon sa díg? Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir. Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail atá i do shúil féin? Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.

Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog. Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

Soiscéal an Tiarna.          Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart


Fógraí

Coinnle.

Tá costas na gcoinnle sa dá séipéal ag árdú ó 20cent go 30 cent an ceann ó Dé Luain an 27/2/22

The price of candles, in both churches, is increasing from 20 cent to 30 cent from Monday27/2/222

Féach Fógraí Ghinearálta  Mí Eanair/ Feabhra ansa

Leave a Comment