Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Domhnach na Tríonóide
(4/6/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhuirne
Domhnach —11.30rn
Aifreann rith na seachtaine
Dé Luain – 11.00rn
Dé Sathairn —6.30in
Domhnach —11.30rn
Adhradh óna 5.15in go 6.15 ag ceiliúreadh 80 bliain Sagartóireachta
Cúil Aodha
Domhnach– 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt – 10.30rn
Domhnach 7ú – 11:30rn
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Tom Butler, Freshford, Cill Chainnigh / Baile Mhic Iré
Jerry Murphy, Doire na Saggart
Donal O’ Riordan, Cnoic an Iúir
Joan Lyons, Cnoic an Iúir
John Gerard O’ Riordan, Cnoic an Iúir
Paudie Twomey, Mileens, Cúil Aodha
Dan Vaughan, Ceann Droma
Connie Moynihan, Páirc an Oileáin
Dónal Lyons, Cathair Céirín
Danny Dineen, Cnoc Rua
Tim Hinchion, Caol Fuinseann
Christy Kelleher, Cúl na Catharacha
John Sheehan, Athacunna
Nelly Dineen, Cloch Aidhneach
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Exodus 34:4-6. 8-9
A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire.
Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d’ordaigh an Tiarna dó. Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis.
Glaoigh sé ar ainm an Tiarna. Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d’fhógair sé:
“A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht; Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm Le Freagra. Dan 3
Freagra Le moladh agus le glóiriú de shíor.
1. Is beannaithe thú, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
Is beannaithe é do naomhainm uasal, Freagra: le moladh agus le glóiriú de shíor.2. Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.3. Is beannaithe thú ag iniúchadh na ndubhaigéan, Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
4. Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe Freagra : le moladh agus le glóiriú de shíor.
DARA LÉACHT
Sliocht as dara litir Naomh Pól chuig na gCoirintigh 13:11-13
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
A bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú.
Tugaigí spreagadh dá chéile.
Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.
Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh.
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 3:16-18 Glóir duit, a Thiarna.
Chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol chun go slánófaí an saol tríd.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh
i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol
ach chun go slánófaí an saol tríd.
An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,
ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin,
mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Achmhainne Gairmeacha i rith na bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196
Scoraíocht – Ionad Lae, Baile Mhúirne
Beidh Scoraíocht ar siúl san Ionad Lae, Dé Céadaoin, an 14ú Meitheamh 2023 ag 2.30in.
Fáilte roimh cách
There will be a Scoraíocht session on in the Ionad Lae Ballyvourney on the 14th June at 2.30pm. Everyone is welcome.