Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Fichiú Domhnach Saor
(18/8/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Luain :Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé Ceadaoin 6:00
Deardaoin 11:30
Dé hAoine 9:30rn
Dé Sathairn —11.00rn
6:00
Dé Domhnaigh 11:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh 10:00
Deardaoin 10:00
Dé hAoine 10:30
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Deardaoin 11:30
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar tSeanfhocail 9:1-6
Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
Tá a teach tógtha ag an Eagna,
agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici.
Tá sí tar éis a mairt a mharú a cuid fíona a ullmhú, agus a bord a chóiriú.
Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici,
le glaoch amach ó arda na cathrach:
“Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!”
agus le lucht na díchéille deir sí:
“Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 33
Freagra Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth, beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna: cluineadh lucht na huirísle is déanaidls lúcháir. Freagra
2. A mhuintir naofa an Tiarna, gabhadh a eagla sibh. Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga,
ach ní bhíonn easpa ar lucht iarrtha an Tiarna. Freagra
3. Teanaigí, a chlann ó, éistigí liom, go múinfidh mé daoibh eagla an Tiarna.
Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha agus fad saoil faoi shéan agus shonas? Freagra
4. Coinnigh do theanga ón olc, agus do bhéal ó bhriathra bréagacha.
Seachain an t-ole agus déan an mhaith; bí ar lorg na síochána agus lean di. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh 5:15-20
Tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.
A bhráithre, bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair,
dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.
Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.
Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad, ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh, ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 6: 56
Alleluia, alleluia!
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil, a deir an Tiarna
cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 6:51-58 Glóir duit, a Thiarna.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.
San am sin dúirt Íosa leis na sluaite:
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo,
agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá:
“Conas is féidir don duine seo a fheoila thabhairt dúinn le hithe?”
Dúirt Íosa leo:
“Amen, Amen, a deirim libh mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól,
ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
An té a itheann m’fheoil agus a olann m’fhuil, tá an bheatha shíoraí aige,
agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.
Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh;
an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196